TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
week , s . Seachtain f . What day of the week is it? cén lá den tseachtain é? Twice a week , dhá uair sa tseachtain, in aghaidh na seachtaine . I haven't seen him for weeks , ní fhaca mé le fada an lá é . A week of Sundays, of weeks , (i) seacht seachtainí ; (ii) na cianta . Once a week , uair sa tseachtain . Every week , gach seachtain . Within the week , sula mbeidh an tseachtain caite . A week from now, this day week, today week , seachtain ó inniu . A week ago, this day week, today week , seachtain is an lá inniu . In a week or so , faoi cheann seachtaine nó mar sin . What I can't get done in the week I do on Sundays , an méid nach n-éiríonn liom a dhéanamh ar feadh na seachtaine déanaim ar an Domhnach é .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Three times a week , trí huaire sa tseachtain, in aghaidh na seachtaine .
To adjourn sth. to, till, the next day, for a week , rud a chur siar go dtí an chéad lá eile, go ceann seachtaine .
No longer ago than last week I saw him , níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é .
By the end of the week , faoi cheann na seachtaine .
At a charge of five pounds a week , ar chúig phunt sa tseachtain .
He comes this way every week , tagann sé thart an bealach seo gach uile sheachtain .
F : It will be a week come Tuesday , beidh sé seachtain Dé Máirt seo chugainn .
They were in communication with one another during the week , bhí teachtaireachtaí eatarthu i rith na seachtaine .
This day week , (i) (future) seachtain ó inniu ; (ii) (past) seachtain is an lá inniu .
Have you enough (flour) for a week , bhfuil díol seachtaine (de phlúr) agat?
Rent (of lodgings) fifteen shillings a week exclusive , cíos (lóistín) cúig scilling déag sa tseachtain gan cothú .
His engagement finishes this week , tá a thréimhse istigh an tseachtain seo .
I am going to London and I'll stay there for a week , beidh mé ag dul go Londain agus fanfaidh mé ann ar feadh seachtaine .
He won’t be back for a week , ní bheidh sé ar ais go ceann seachtaine .
Food for a week , lón seachtaine .
He stayed there for another week , d'fhan sé ann go ceann seachtaine eile .
Holy Week , Seachtain na Páise .
This day last week , seachtain is an lá inniu .
To make three pounds a week , trí phunt sa tseachtain a shaothrú .
Once a week , uair sa tseachtain .
Before the week is out , roimh dheireadh na seachtaine ,
To postpone a matter for a week , rud a chur siar go ceann seachtaine .
For a week preceding this occasion , le seachtain roimh an ócáid seo .
Jur : To put off a case for a week , cúis a chur siar go ceann seachtaine .
He was remanded for a week , cuireadh siar go ceann seachtaine go dtí an athchúirt é .
It is just a week since he came , seachtain go díreach atá ann ó tháinig sé .
A week or so , seachtain nó mar sin .
Com : To take so much a week , oiread seo a thabhairt isteach sa tseachtain .
Is that the man whom we saw last week? an é siúd an fear a chonaic muid an tseachtain seo caite?
Today week , (i) (fut.) seachtain ó inniu ; (ii) (past) seachtain is an lá inniu .
Tomorrow week , (i) (past) seachtain is an lá amárach ; (ii) (fut.) seachtain ó amárach .
He turns over £500 a week , cuireann sé cúig chéad punt thar a láimh sa tseachtain .
I used to see him once a week , ba ghnách liom a fheiceáil uair sa tseachtain .
I spent a week in Galway, in which place I had never been before , chaith mé seachtain i nGaillimh, áit nach raibh mé riamh go dtí sin .
It lasted a whole week , mhair sé seachtain iomlán .
This hen will lay up to six eggs a week , beireann, béarfaidh, an chearc seo suas le sé huibhe sa tseachtain .
Within a week , faoi cheann seachtaine ; roimh sheachtain .
Yesterday week , seachtain is an lá inné .