take,Iv.tr.Tógaim (v.n. tógáil). 1aTo take sth. on one's back, rud a iompar, a thógáil, ar do dhroim. bTo take sth. from s.o., rud a bhaint de, a thógáil ó, dhuine. Someone has taken my book, d'ardaigh duine éigin mo leabhar leis. To take sth. from the table, rud a thógáil den bhord. To take the pot off the fire, an pota a thógáil den tine. To take the lid off sth., an clár a bhaint de rud. To take a pound out of one's salary, punt a bhaint as do thuarastal. Take your hands out of your pockets, bain do lámha as do phócaí. cTo take (hold of) s.o., greim a bhreith ar dhuine; breith ar dhuine. I took her hand, rug mé greim láimhe, ar láimh, uirthi. To take s.o. in one's arms, barróg a bhreith ar dhuine. To take the opportunity, breith ar an bhfaill; an deis a thapú. S.a. CHANCE1 2, WHEEL1 1. dGabhaim (baile). To take s.o. prisoner, príosúnach a dhéanamh do dhuine. The deuce take him!go scioba an donas leis é. He was taken ill, buaileadh tinn é. He was very much taken by the idea, thaitin an smaoineamh go mór leis. I was not taken with him, níor thaitin sé liom; ní raibh aon róbhá agam leis. S.a. ABACK. eTo take a passage from a book, sliocht a bhaint as leabhar. To take an idea from an author, smaoineamh a fháil, a ghlacadh, ó údar. 2aTo take a house, teach a thógáil ar cíos. bTo take tickets, ticéid a cheannach. (Of seat, table) 'Taken', 'in áirithe'. To take (in) a paper, páipéar a cheannach (go rialta). To take paying guests, lóistéirí a choimeád. To take pupils, daltaí a bheith á múineadh agat. S.a. WIFE1. cTo take the train, dul ar an traein. Take a seat!bí i do shuí!Take your seats!suígí!dTake the turning to the right, cas ar thaobh do láimhe deise, faoi dheis. He took the wrong road, chuaigh sé ar an mbealach contráilte. To take a fence, claí a chaitheamh. eTo take legal advice, dul i gcomhairle le dlíodóir. To take information, fiosrú a dhéanamh. fTo take holy orders, ord beannaithe a ghabháil. S.a. COURSE1 1, 3, FIELD1 1. 3aBainim, buaim, gnóthaím (duais, cluiche). Cards: To take a trick with the king, cúig a bhaint leis an rí. bTo take a degree, céim a bhaint amach. To take an examination, dul faoi scrúdú. cCom: To take so much a week, oiread seo a thabhairt isteach sa tseachtain. 4To take a meal, béile m a chaitheamh. Do you take sugar?an gcaitheann tú siúcra?I cannot take wine, níl goile don fhíon agam. 'Not to be taken', 'ná caitear'. He had a drop taken, bhí braon faoin bhfiacail aige. P: I'm not taking any!ní chuirfeadsa suas lena leithéid. 5aTo take a walk, dul amach ag siúl. To take a bath, tú féin a fholcadh. To take a nap, néal a ligean as do cheann. S.a. STEP1 3. I’ll take the first class, rachaidh mé i mbun an chéad ranga. To take a print from a negative, dearbhchló m a dhéanamh de chlaonchló. Surv: To take an angle, uillinn a ghlacadh. To take breath, anáil a tharraingt. To take effect, dul i bhfeidhm. To take fire, lasadh. S.a. OATH I, PLACE1 2, PLUNGE1, STAND1 I,1 3, STOCK15bTo take a photograph, fótagraf a thógáil, a ghlacadh. cTo take sth. apart, to pieces, rud a bhaint as a, ó, chéile. 6aGabhaim, glacaim (le). Take all you get, glac a bhfaighidh tú. Take that (and that)!bíodh sin agat!Ten: To take the service, an tseirbhís a sheasamh. To take no denial, gan diúltú a ghlacadh. If the paper takes my article, má ghlacann an páipéar le m'alt. What will you take for it?cad a bheadh uait air?To take a bet, geall a ghlacadh. To take all responsibility, bheith freagrach san uile ní. Taking one thing with another, idir mhín agus gharbh. Take it from me, beir leat, creid, uaimse é. I wonder how he will take it, níl a fhios agam conas a gheobhaidh sé chuige é, cad é mar a rachas sé do. S.a. GIVE2 1,1, HINT1 1, LAMB1 1. bBus that takes twenty passengers, bus a iomprós fiche paisinéirí. To take a heavy load, bheith acmhainneach ar ualach trom. Med: To take a stress, strus a sheasamh. The rope takes the stress, beireann an strus ar an rópa. 7aTógaim, tolgaim (galar). bTo take a dislike to s.o., col a ghlacadh le duine. S.a. EXCEPTION2. 8aWe will take the will for the deed, beidh an rún i bpáirt a chomhlíonta againn. How old do you take him to be?cén aois a mheasfá dhó?I take it that . . ., táim á cheapadh go . . . bI took you for an Irishman, shíl mé gurbh Éireannach thú. He took me for a fool, thug sé meas amadáin orm. F: What do you take me for!nach mé atá leamh agat!9(Require) aThat will take some doing, ní gan dua a dhéanfar sin. It takes all sorts to make a world, is iomaí duine ag Dia. The journey took five days, bhain an t-aistear cúig lá asam (asainn, etc.). It won't take long, ní thógfaidh sé mórán ama. It took four men to hold him, níor mhór ceathrar fear lena choinneáil. It takes a clever man to do that, is cliste an mac a dhéanfadh é sin. It takes a woman!fág ag an mbean é!bGram: Verb that takes a preposition, briathar a mbíonn réamhfhocal leis. cI take sixes (in shoes, etc.), a sé a chaithim. 10a(Lead) To take s.o. to the city, duine a thabhairt chun na cathrach. To take s.o. over a house, an teach ar fad a thaispeáint do dhuine. To take s.o. out of his way, cor bealaigh a chur ar dhuine. What(ever) took him there?céard (faoin spéir) a chas, a sheol, ansin é?He was taken to the police barracks, tugadh chuig beairic na ngardaí é. b(Carry) To take sth. to s.o., rud a thabhairt chuig duine. II►take, v.i.Téann i bhfeidhm, gabhann éifeacht. His latest novel didn't take, ní dheachaigh an t-úrscéal deireanach aige i bhfeidhm (ar an bpobal).