Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: dive · fie · fife · fige · file
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh five »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
five. 1 num. a. a Cúig (lenites initial consonant of sg., prefixes h to initial vowel of pl.) The five houses, na cúig theach, tithe. Five times, cúig huaire. The five fingers, na cúig mhéar. A five-pound note, nóta cúig phunt. b Four or five years, aceathair nó acúig de bhlianta. c (The) five persons, (an) cúigear. Five women, cúigear ban. 2 num.s. a (A) cúig. (Counting) Four, five, six, a ceathair, a cúig, a sé. Five and one is six, a cúig agus a haon (sin) a sé. It is five (o'clock), tá sé a cúig (a chlog). Five and six(pence), cúig agus sé pinginí. He is five, tá sé cúig bliana d'aois; tá cúig bliana aige. (Cards) The five, na méara. The five of trumps, an cíoná. b (Of persons) Cúigear m.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is after five, tá sé tar éis a cúig.
Games: We are five all, táimid a cúig araon; a cúig ar gach taobh.
It amounted to five pounds, bhí cúig phunt san iomlán, rinne sé (suas) cúig phunt.
Five and twenty years, cúig bliana fichead.
Five a.m., cúig a chlog ar maidin.
We are five miles away from the station, táimid cúig mhíle ón stáisiún.
Five paces away from us, cúig slata uainn.
He knows how many beans make five, tá a fhios aige cé mhéad lá sa tseachtain; níl néal air.
I beat him down to five shillings, thug mé air teacht anuas go dtí cúig scillingí.
By (the terms of) article five, de réir alt a cúig.
At a charge of five pounds a week, ar chúig phunt sa tseachtain.
To charge five shillings a yard (for sth.), coróin an tslat a bhaint amach (ar rud).
Correct to five places of decimals, ceart go dtí an cúigiú deachúil.
He arrived five minutes too early, tháinig sé cúig nóiméad róluath.
Eighty-five years, cúig bliana agus ochtó, agus ceithre fichid.
The cost of it is estimated at five hundred pounds, meastar go mbeidh cúig chéad punt de chostas air.
Fifty-five horses, cúig chapall agus caoga; cúig chapall déag agus daichead.
It will cost five hundred in round figures, cosnóidh sé isteach is amach le cúig chéad.
Forty-five years, cúig bliana agus daichead, agus dhá scór.
(Counting) Three, four, five, a trí, a ceathair, a cúig.
It is a full five miles from here, tá sé cúig mhíle go maith as seo.
It is full five miles from here, tá sé cúig mhíle go maith as seo.
I guessed him to be twenty-five, thug mé cúig bliana fichead dó.
Let's have a hand of twenty-five, bíodh cluiche cúig fichead againn.
Five years hence, cúig bliana ón am seo.
Wall five feet high, balla cúig troithe ar airde.
Av: In five hops, i gcúig bhabhta.
Five miles an hour, cúig mhíle san uair.
A hundred and five horses, cúig chapall ar chéad, agus céad.
Clock that loses five minutes a day, clog a chailleann cúig nóiméad sa lá.
He was mulcted (in) five pounds, cuireadh cúig phunt fíneála air.
Five-pound note, nóta cúig phunt; páipéar m cúig phunt.
Five pounds? A mere nothing! cúig phunt? Ní dhéanfadh sé uisce coisreacain (dom); ní fiú dada é sin.
There were five of us, bhíomar cúigear ann.
I’ll allow five per cent. off for ready money, ligfidh mé síos scilling sa phunt ar a gceannófar ar airgead.
He was five years old, bhí sé cúig bliana d'aois.
He is five pounds out (in his accounts), tá cúig phunt d'earráid ina chuntas.
Over five years (of age), os cionn cúig bliana d'aois.
On payment of five shillings, ach cúig scilling a íoc.
Five-ply wood, adhmad m cúigshrathach.
Three point five, a trí pointe a cúig.
Five-point star, réalta cúig rinn.
It is quite five days ago, tá sé cúig lá féin ó shin.
To be rising five (of horse), bheith ag éirí a cúig, chun a cúig (bliana).
Book that has run into five editions, leabhar a bhfuil an cúigiú heagrán de foilsithe.
Rac: Five runners, cúig tosaitheoirí.
It was sold for five pounds, chuaigh sé cúig phunt.
The five senses, na cúig céadfaí.
To set the alarm(-clock) for five, an clog a shocrú le bualadh ar a cúig.
Seventy-five horses, cúig chapall agus seachtó; cúig chapall déag agus trí fichid.
Creidim ionat
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht