Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: agar · ágar · ar · ga · gair
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To accommodate a person, gar m a dhéanamh do dhuine, duine a riaradh.
To ask a favour of s.o., gar a iarraidh ar dhuine.
Naught availed, ní raibh gar ann.
It is not a bit of use, níl gar ann, níl maith ann.
A. & Lit: What boots it to . . .? cad é an gar . . .?
When I saw him at close quarters, nuair a chonaic mé i ngar dom é.
To keep close to the door, fanacht gar don doras.
Close at hand, close by, in aice láithreach, i ngar do láthair.
Close to the wind, gar don ghaoth.
Close to, close by (sth.), i ngar do (rud), le hais, in aice, i gcóngar (ruda).
Close to the ground, i ngar don talamh.
To confer a favour on s.o., gar a dhéanamh do dhuine.
In contiguity, i ngar(with, do); ag síneadh le.
Contiguous to s.o., gar do rud, taobh le rud, buailte le rud.
It is a great convenience to be able to . . ., is mór an áis, an gar, a bheith in ann ...
There is no denying the fact, níl gar á shéanadh.
Within easy distance, within easy reach, of the city, i ngar don chathair; aistear beag ón gcathair.
Not far from..., i ngar do ...
Not far from it, geall leis, i ngar dó.
To ask a favour of s.o., gar a iarraidh ar dhuine.
Will you do me a favour? an ndéanfá gar dom?
The impending danger, an chontúirt i ngar (dúinn, etc.).
It is a good job that . . ., is mór an gar go . . .
To do s.o. a kindness, gar a dhéanamh do dhuine.
He meant to do me a good turn, gar a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh dom.
To come near, draw near, teacht i ngar, i ngaobhar(to, do).
They are near of kin, tá siad i ndeas, gar i ngaol, dá chéile.
To the nearest place (of decimals), go dtí an deachúil is gaire.
We are nearly related, táimid deas, gar, i ngaol dá chéile.
The next room to us, an seomra is gaire dhúinn
The carriage next the engine, an cóiste is gaire, is deise, don inneall.
To oblige a friend, gar a dhéanamh do chara.
You would greatly oblige me if . . ., dhéanfá gar mór dom dá . . .
He did it to oblige me, ar mhaithe le gar a dhéanamh dom a bhí sé; mar chomaoin orm a rinne sé é.
That's one comfort, is mór an gar sin féin.
In the proximity of a town, i ngar do, cóngarach do, bhaile mór.
To render a service to s.o., gar a dhéanamh do dhuine; comaoin a chur ar dhuine.
This is a great satisfaction, is mór an gar é seo.
He is extremely selfish, tá sé iontach gar dó féin.
How can I serve you? an bhfuil gar a d'fhéadfainn a dhéanamh duit?
To render, to do, s.o. a service, gar a dhéanamh do dhuine.
I suspect he is inclined to be selfish, tá tuairim agam go bhfuil sé cineál gar dó féin.
A woman who is near her time, bean atá gar dá haimsir, dá hionú.
The question touches you nearly, tá an scéal i ngar don chnámh agat féin; baineann an scéal go dlúth leat féin.
A kindness which was returned twofold, gar m a cúitíodh faoi dhó.
What's the use of making plans? cén mhaith, cén gar, pleananna a bheartú?
We protested in vain, it was in vain that we protested, chuireamar ina aghaidh ach ní raibh gar ann.
F: He went out of his way to oblige me, chuir sé dua air féin le gar a dhéanamh dom.
It is to be wished that..., ba mhór an gar dá . . .
It's worth knowing, is mór an gar a fhios againn.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht