ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
All that money has vanished into thin air, tá an t-airgead sin uile imithe le sruth.
To cast off one's allegiance to a party, imeacht ó pháirtí, scaradh le páirtí.
Go and fetch for it, imigh leat dá iarraidh.
As you are not ready we cannot go, tharla nach bhfuil tú réidh ní thig linn imeacht.
I must away, caithfidh mé imeacht liom.
There is nothing for it but to go away, níl le déanamh ach imeacht.
He was carried away by joy, bhí sé ag imeacht as a chraiceann le gliondar.
He is eaten up with conceit, tá sé ag imeacht as a chranna cumhachta le teann postúlachta.
He cannot contain himself for joy, tá sé ag imeacht as a chranna cumhachta le háthas.
To be given over to evil courses, bheith imithe le drabhlás.
He cranked up the car, chuir sé an carr ag imeacht leis an lámhchrann; thug sé casadh d'inneall an chairr.
He is on the downward path, tá sé ag imeacht ceann le fána.
(Of clouds, etc.) To drive before the wind, imeacht leis an ngaoth.
F: To go empty away, imeacht agus an dá láimh chomh fada le chéile.
Boat that follows the coast, bád a imíonn leis an gcósta.
He was going at a foot-pace, bhí sé ag imeacht leis de réir a choise.
He was given over to evil courses, bhí sé imithe, ligthe, leis an olc ar fad.
He is gone for good (and all), tá sé imithe gan súil le filleadh.
I hate his going so far away, is mairg liom a imeacht an fad sin ó bhaile.
To hug the wall, imeacht go dlúth leis an mballa.
Nau: Sailing large, ag imeacht le cóir, fairsing.
To be on the loose, bheith ag imeacht le scód.
Those who have a mind can go, an té is mian leis (imeacht) imíodh sé.
As we were starting what must he do but cut his finger, nuair a bhíomar ag imeacht céard deir tú leis a ghearr a mhéar! céard a dhéanfadh sé ach a mhéar a ghearradh!
It is optional for you to go or stay, tig leat imeacht nó fanacht mar is toil leat.
Run away and play, imigh leat ag spraoi duit féin; seo leat amach ag seó.
He is fond of pleasure, níl uaidh ach a bheith ag imeacht le haer an tsaoil.
To go to pot, imeacht le cúr na habhann, chun na tubaiste.
F: To be on the rampage, bheith le fraoch feirge, ag imeacht as do chranna cumhachta.
To rampage (about), bheith ag imeacht le craobhacha.
He reeled out, amach leis ag imeacht ó thaobh taobh.
To run riot, (i) dul i bhfiáin, imeacht le scód; (ii) (of plants) éirí fiáin.
Nau: To run before the wind, imeacht le gaoth.
To run free, imeacht le scód.
Run along! imigh leat! tóg ort!
To run away with sth., imeacht le rud.
He was sauntering down the road, bhí sé ag imeacht leis an bóthar síos, ar a shuaimhneas, ar a bhogstróc.
F: He got a great send-off, bhí comóradh mór leis ag imeacht dó.
Time is slipping away, tá an t-am ag imeacht, ag éalú (leis).
So, my dear, I am forced to leave, agus sin é agat é, a chroí, tá orm imeacht liom.
He staggered in, isteach leis gan aon chos faoi, agus na cosa ag imeacht uaidh.
To let one's thoughts stray, ligean do d'intinn imeacht le seachrán, le fán.
I told him not to go away, d'iarr mé air, dúirt mé leis, gan imeacht.
Go, then, mar sin de, imigh leat.
To go with the tide, imeacht le sruth, san fheacht.
To go together, imeacht le cois a chéile.
He tottered in, out, isteach, amach, leis agus na cosa ag imeacht uaidh.
Washed away by the tide, imithe leis an taoide.
The train whirled us along, bhíomar ag imeacht ar an traein le luas na gaoithe.
To whisk away, imeacht de sciotán, le gaoth.