Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: ceaist · ceis · cist · caise · cáise
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To advise s.o. on a question, eolas a thabhairt do dhuine ar cheist.
To answer a question, a letter, ceist, litir, a fhreagairt, freagra a thabhairt ar cheist, ar litir.
The question is not answerable, (i) ní féidir an cheist a fhreagairt; (ii) ní féidir an cheist a fhuascailt.
To question s.o. as to his motives, ceist a chur ar dhuine faoin údar a bhí aige.
To ask s.o. a question, ceist a chur ar dhuine.
Be well assured that. . ., ná bíodh lá amhrais ort, ná bíodh ceist ar bith ort, nach.. .
The best plan would be to ask him, séard ab fhearr a dhéanamh ceist a chur air.
Catch question, ceist chleasach.
Catchy question, ceist chleasach.
Concentrate all your attention on this question, dírigh d'aire uile ar an gceist seo.
The parties concerned, na daoine atá i gceist.
Questions connected with the matter, ceisteanna a bhaineas leis an scéal.
This question has no connection with ..., níl aon bhaint ag an gceist seo le ...
After due consideration of the question, tar éis machnamh cothrom a dhéanamh ar an gceist.
The question in debate, under debate, an cheist atá á plé, á caibidil.
A much debated question, ceist sheanphléite.
Disposal of a question, réiteach m ceiste.
To dispose of a question, ceist a réiteach.
To dodge a question, ceist a sheachaint, ceist a fhágáil gan freagairt.
A doubtful question, ceist éiginnte, cúrsa éideimhin.
The drink question, ceist an ólacháin.
To examine a question thoroughly, ceist a chíoradh go mion, a chriathrú. v.i.
It falls within article ten, tá sé i gceist in alt a deich.
F: He subjected me to a rapid fire of questions, bhí gach dara ceist aige orm de dhroim a chéile.
To fire a question at s.o., ceist a chur de phreab ar dhuine.
Questions germane to the subject, ceisteanna a bhaineas leis an ábhar, a thagas i dtreis leis an ábhar.
To go closely into a question, ceist a iniúchadh go grinn.
To guess a riddle, ceist a fhuascailt; tomhas a chur amach.
He holds the key to the puzzle, tá fuascailt na ceiste aige.
The housing problem, ceist na tithíochta.
To inquire about sth., ceist a chur faoi rud; tuairisc ruda a chur.
What do you intend by this word? cad tá i gceist agat leis an bhfocal seo?
Point, note, mark, of interrogation, comhartha ceiste.
The matter involved, an cúrsa atá i gceist, i dtreis.
Jur: Issue (of law), ceist f dlí.
To join issue with s.o. about sth., dul chun argóinte ar cheist le duine.
At issue, i dtreis, i gceist.
To obscure the issue, an cheist a chur in aimhréidhe.
The land question, ceist na talún.
To touch lightly on a ticklish matter, labhairt go cáiréiseach faoi cheist achrannach.
He looked a query at me, d'fhéach sé orm agus ceist ina shúil.
Interrogation mark, comhartha ceiste.
This question is mooted again, tá an cheist seo ag dul á hathphlé.
You only needed to ask, ní raibh le déanamh agat ach a iarraidh, ach ceist a chur.
Should the occasion arise, má bhíonn sé i gceist
I'll ask one better able to judge, cuirfidh mé ceist ar dhuine is fearr eolas.
That was the only question I asked him, sin ar chuireas de cheist air.
Books pertinent to the question, leabhair a bhaineas leis an gceist.
To plague s.o. with questions, duine a chéasadh le ceisteanna.
To ply s.o. with questions, ceisteanna a raideadh chun duine, a choimeád le duine.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht