ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
For your accommodation, mar ais dhuit, le caoi a thabhairt duit.
Good afternoon! (i) (On meeting) Dia dhuit (dhíbh)! (ii) (On departure) Slán agat (agaibh)!
Believe me! creid mise dhuit ann!
What do you gain by doing that?, cén mhaith dhuit é sin a dhéanamh?
He cannot hold a candle to you, ní choinneodh sé coinneal dhuit; níl aon ghoir aige ort.
Take care! have a care! (tabhair) aire dhuit (dhaoibh) féin! seachain tú (sibh) féin!
This journey will be (a bit of) a change for you, déanfaidh an t-aistear seo athrú dhuit.
It is no concern of yours, nach cuma dhuit?
How dare you! nach dána an mhaise dhuit é! nach mór an croí dhuit é!
You would do well to ..., níorbh fhearr dhuit rud a dhéanfá ná . . .
What can I do for you? céard a dhéanfas mé dhuit?
It'll do you no end of good, rachaidh sé chun tairbhe dhuit go mór.
In the exercise of one's duties, ag comhlíonadh do dhualgas dhuit.
Mind your eye! aire dhuit!
Here is news for you!, seo scéal nua dhuit!
From his looks you might suppose that . . ., ar a dhealramh thuigfí dhuit go . . .
You must not let this chance go by, ní cóir dhuit an fhaill seo a scaoileadh uait.
Good morning! (i) Dia dhuit (ar maidin)! (ii) (taking leave) lá maith agat!
Good day! (i) Dia dhuit! (ii) (taking leave) lá maith agat!
Good night! (i) Dia dhuit! (ii) (taking leave, on retirement to bed) oíche mhaith agat!
F: I guarantee that he won't do it again, mise mar cheap leis, mise faoi dhuit, nach ndéanfaidh sé arís é.
I guess you're right, mo bharúil gur fíor dhuit.
If anything happened to you, dá n-éireodh tubaiste ar bith dhuit; dá gcaillfí thú.
What harm would it do you? cár mhiste dhuit é?
Here's your hat, seo (dhuit) do hata.
Here is your knife (hammer), I cannot clean it, seo dhuit do scian (do chasúr), ní féidir liom a glanadh (ghlanadh).
Let that be a lesson to you! déanadh sin do shúile dhuit!
Standing here you look down on the whole plain, i do sheasamh anseo dhuit tá radharc síos uait ar an machaire uile.
'Customers own material made up', 'cuirfimid éadach de do chuid féin i gculaith dhuit'.
A merry Christmas! Nollaig shona dhuit!
Mind yourself! aire dhuit! tabhair aire duit féin!
Good morning. Dia dhuit ar maidin; móra na maidine dhuit.
Good morrow, Dia dhuit; móra dhuit.
There is no necessity for you to come, níl fiacha ar bith ort, ní gá dhuit, teacht.
A happy New Year! bliain nua faoi mhaise dhuit (dhaoibh)!
It is no business of yours, ní bhaineann sé dhuit.
What will it profit you to go there? cá tairbhe dhuit dul ansin?
F: You will be sorry for it, I promise you, beidh tú in aiféala faoi, mise i mbannaí ort, mise faoi dhuit.
Reminiscent of sth., a chuirfeadh rud i gcuimhne dhuit.
It is only right (and proper) to tell you . . ., is é is lú is gann dom a insint dhuit . . .
I should think so! abair sin! mise faoi dhuit!
So there you are! anseo dhuit!
I'll make you a sporting offer, seo dhuit tairiscint nach miste dul sa seans léi.
It is not so easy, let me tell you, níl sé chomh réidh sin, deirimse leat, geallaimse dhuit.
How dare you use such terms to me? nach dána an mhaise dhuit labhairt mar sin liomsa?
You had better speak to him than write, is fearr dhuit labhairt leis ná scríobh chuige.
It will be the easier for you as you are young, tá tú óg agus sin mar is fusa dhuit é; is amhlaidh is fusa dhuit é ón uair go bhfuil tú óg.
I'll give you this, tabharfaidh mé é seo dhuit.
Can I be of any use (to you)? an bhféadfainn aon chúnamh a thabhairt dhuit?
I vouch for the truth of what he says, mise faoi dhuit gur fíor a ndeireann sé.