TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
six , 1 num. a . a Sé (lenites initial consonant of sg., prefixes h- to initial vowel of pl . ) . The six houses , na sé theach, tithe . Six inches , sé orlach, horlaí . b Five or six years , a cúig nó a sé de bhlianta . c (The) six persons , (an) seisear . Six women , seisear ban . 2 num. s . a (A) sé . (Counting) Five, six, seven , a cúig, a sé, a seacht . Six and six is twelve , a sé agus a sé sin a dó dhéag . It is six (o'clock) , tá sé a sé (a chlog) . Three and sixpence , trí agus sé pinginí, agus réal . He is six , tá sé sé bliana d'aois ; tá sé bliana aige . Coach and six , cóiste sé chapall . Six of one and half a dozen of the other , is é an dá mhar a chéile é ; dhá réal scilling . At sixes and sevens , trína chéile, ina chíor thuathail . b (Of pers.) Seisear m . There were six of us , bhíomar seisear ann .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
At six o'clock , ar, ag, a sé a chlog .
At six per cent ., de réir sé faoin gcéad .
He is six feet in height, twenty years of age, twelve stone weight , tá sé sé throigh ar airde, fiche bliain d'aois, dhá chloch dhéag (meáchain) .
Call me at six o'clock , glaoigh orm ar a sé a chlog .
Six-chambered revolver , gunnán sé chuasán .
Coach and six , cóiste sé chapall .
A six cylinder car , carr sé shorcóir .
Eight and six(pence) , ocht agus réal .
Eleven and six(pence) , a (h)aon déag agus réal .
(Counting) Four, five, six , a ceathair, a cúig, a sé .
Five and one is six , a cúig agus a haon (sin) a sé .
Five and six(pence) , cúig agus sé pinginí .
Four and six(pence) , (a) ceathair agus sé pingine .
To give s.o. six months' imprisonment , sé mhí príosúin a ghearradh ar dhuine .
It has gone six already , tá sé tar éis a sé cheana féin .
Six into twelve goes twice , a dó dhéag ar a sé sin a dó .
Seven into six won't go , a sé ar a seacht ní féidir sin .
Salute of six guns , beannú m sé ghunna .
A party of six guns , seisear foghlaeirí .
Six head of cattle , sé cinn eallaigh, sé cinn de bheithígh .
Wall six feet in height , balla sé troithe ar airde .
Car that holds six persons , carr a bhfuil áit do sheisear ann ; carr a dtoilleann seisear ann .
They were six including the doctor , bhíodar seisear ann, an dochtúir ar dhuine acu .
Six hours without interruption , sé huaire gan stad, as a chéile .
I had less than six , bhí níos lú ná, faoi bhun, sé cinn agam ; ní raibh na sé cinn agam .
(ii) They have no less than six servants , ní lú ná seisear seirbhíseach atá acu .
It is six feet long , tá sé sé troithe ar a fhad .
Can you come at six? Make it half-past , an mbeidh tú in ann teacht ag a sé? abair leathuair tar éis a sé .
The six mechanic powers , na sé bun-innill .
She is the mother of six , tá seisear clainne aici .
Nine and six(pence) , naoi agus réal .
Six months' notice , fógra sé mhí roimh ré .
They were six in number , bhí siad seisear ann .
He is six feet and a bit over , tá sé sé troithe agus corradh .
A quarter to six, past six , ceathrú go dtí a sé, tar éis a sé .
These guns range over six miles , tá raon sé mhíle ag na gunnaí seo .
To be six feet round , bheith sé troithe mórthimpeall .
To scale six pounds , bheith sé phunt meáchain, na sé phunt a bhualadh .
Car that seats six persons , carr ina bhfuil áit do sheisear .
(Counting) Six, seven, eight , a sé, a seacht, a hocht .
Seven and six(pence) , seacht is réal .
He stands six feet high , tá sé sé troithe ar airde .
Officer of six months' standing , oifigeach a bhfuil seirbhís sé mhí aige .
There were only six members to start with , ní raibh ann ach seisear i dtosach, mar thús .
Only six horses started , ní dheachaigh ach sé chapall amach sa rás .
He stayed away for six months , bhí sé sé mhí gan teacht .
To stick at a task for six hours , fanacht i gceann oibre gan stad ar feadh sé huaire an chloig .
The clock struck six , bhuail an clog a sé .
I take sixes (in shoes, etc.) , a sé a chaithim .