ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
On, for, account of s.o., thar cheann duine; ar son duine.
My head aches, tá pian i mo cheann.
Keep on adding to it, bí ag cur ina cheann.
He adjusted his hat, shocraigh sé a hata ar a cheann.
What is he after? (i) cad é atá ina cheann? (ii) cad é atá sé a thóraíocht?
Consider it from this angle, tar sa cheann seo de; breathnaigh mar seo air.
In another ten years, faoi cheann deich mbliana eile.
He nodded approval, chlaon sé a cheann á insint go raibh sé sásta.
It arches at the east end, tá stua sa cheann thoir de.
While we are at it, why not . . ., tharla sinn ina cheann, cad chuige nach . .., ó támuid leis, cad chuige nach...
He turned (his face) away from me, chor sé thart a cheann uaim.
In the back of the cave, sa cheann thiar den uaimh.
To be, hang in the balance, a bheith idir dhá cheann na meá.
To behave badly towards s.o., droch-cheann a chaitheamh le duine, caitheamh go dona le duine.
Put that thought behind you, caith as do cheann an smaoineamh sin.
Prov: Once bitten twice shy, an té a bhuailtear sa cheann bíonn an eagla air. S.a. THUMB1.
Dominoes: Double blank, dhá cheann fholamha.
F: The whole of Europe was in a blaze, bhí an lasóg sa bharrach ó cheann ceann na hEorpa.
adv. P: He went at it blind, chuaigh sé ina cheann agus a dhá shúil druidte.
To bolster s.o. up, (i) adhairt a chur faoi cheann duine; (ii) F: clú duine a shábháil; tacaíocht a dhéanamh le duine.
Don't bother (your head) about me, ná buair do cheann liomsa.
v.i.He does not bother about anything, ní bhuaireann sé a cheann le rud ar bith.
It turned his brain, chuaigh sé ina cheann dó, d'éirigh sé sa chloigeann aige.
To bring down a sword on s.o.'s head, buille de chlaíomh a tharraingt anuas ar cheann duine.
My head burns, tá mo cheann á réabadh.
By the end of the week, faoi cheann na seachtaine.
I never could understand music, chinn sé orm, ní raibh sé i mo cheann finne, ceol a thuiscint riamh.
Cold in the head, slaghdán sa cheann, slaghdán smaoiseach.
Pred: I consider him (to be) crazy, tuigtear dom go bhfuil sé éadrom sa cheann.
To constitute s.o. arbitrator, duine a ainmniú ina cheann réitigh.
He stood covered, choinnigh sé a hata ar a cheann.
F: Crack on the head, leidhce m sa cheann.
He is in a critical state, tá sé idir dhá cheann na meá.
At the sight of my old home memories crowded on me, ar amharc an tseanbhaile dhom líon go leor seanchuimhní i mo cheann.
He dashed his head against it, buaileadh a cheann ina choinne.
I depute him to do that, údaraím, ceapaim, é chun sin a dhéanamh thar mo cheann.
To deputize for s.o., gníomhú thar cheann, in ionad, duine; gnó a dhéanamh thar cheann duine.
I dismissed it from my thoughts, chuir mé, chaith mé, as mo cheann é.
In the distant future, faoi cheann achair fhada.
My head is dizzy, tá meadhrán i mo cheann.
He is bent double, tá a cheann is a chosa buailte ar a chéile.
Nau: To double a cape, dul timpeall ar cheann tíre.
I had a doze, lig mé néal as mo cheann.
He dropped the idea of doing it, chaith sé as a cheann é a dhéanamh.
He drowned his sorrow in drink, chuir sé cuimhne a bhuartha as a cheann leis an ól.
To do duty for s.o., obair duine a dhéanamh thar a cheann.
My earliest recollection, an chuimhne is faide siar i mo cheann; mo sheanchuimhne.
You can do it either way, tig leat a dhéanamh ar aon cheann den dá shlí.
From end to end, ó cheann ceann.
On end (i) (Of barrel) ina sheasamh, ar a cheann. S.a. HAIR 1.