Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cart · ceairt · ceartú · cert · sceart
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To be (strictly) accurate . . ., lena rá mar is ceart . . .
To administer justice, ceart m dlí a chur i bhfeidhm.
To admit a claim, a right, géilleadh d'éileamh, do cheart.
If you deem it advisable, má mheasann tú gur ceart é.
I agree that he was wrong, admhaím nach raibh an ceart aige.
He was misjudged while alive, nuair a bhí sé beo ní raibh an meas ceart air.
All’s well, tá gach uile shórt ceart.
Your work is all right, leave it alone, tá do chuid oibre mar is ceart, fág é mar atá sé.
You are altogether right, tá an ceart go hiomlán agat; tá corp na fírinne agat.
Have you the right amount, bhfuil an tsuim cheart agat?
He appealed to the law, d'éiligh sé ceart dlí.
I fully appreciate the fact that..., tuigim i gceart go . . .
The old approved method, an tseandóigh cheart.
His argument is that gold should be done away with, is é an cás atá aige gur ceart deireadh a chur le hór.
He asserted his rights, bhain sé a cheart amach.
He asserted himself, d'éiligh sé a cheart.
Assertion of rights, éileamh m ceart.
To attack s.o.'s rights, cur isteach ar cheart duine.
The sword, as an attribute of justice, an claíomh, mar chomhartha cirt.
He availed himself of his right, bhain sé feidhm as a cheart.
It was an absolute Babel, bhí sé ina rí-rá ceart.
He bore himself well, d'iompair sé é féin i gceart.
I believe (that) I am right, tá mé cinnte gur agam atá an ceart.
To bide one's time, fanacht leis an am ceart, fanacht le cóir.
By right of birth, le ceart cine, le ceart folaíochta.
By right, le ceart.
By rights, leis an gceart a dhéanamh.
That matter will take care of itself, beidh an scéal sin ceart go leor.
I did not catch what you said, níor chuala mé i gceart céard a dúirt tú.
I didn't quite catch that, níor éirigh liom é sin a thuiscint i gceart.
That's the cheese! sin é an ceart! sin é an ceol (aige)!
Civil rights, cearta saoránaigh.
Legal claim to sth., ceart, teideal, dleathach do rud.
To claim the right to do sth., an ceart le rud a dhéanamh a éileamh.
According to Cocker, go ceart, go cruinn, go beacht.
When she came to know him, nuair a chuir sí aithne cheart air.
He conceded that he was wrong, d'admhaigh sé nach raibh an ceart aige.
We consider that he ought to do it, is é ár dtuairim go mba cheart dó é a dhéanamh.
True happiness consists in desiring little, is é rud é an séan ceart ná a bheith sásta leis an mbeagán.
To contest s.o.'s right to do sth., cur i gcoinne ceart duine chun rud a dhéanamh.
To cope with s.o., with the enemy, ceart a bhaint de dhuine, den namhaid.
'Copyright reserved', 'gach ceart ar cosaint'.
He came dead on time, tháinig sé ag an am ceart go díreach.
To debar s.o. a right, ceart a thoirmeasc ar dhuine.
Correct to five places of decimals, ceart go dtí an cúigiú deachúil.
To defeat the ends of justice, an ceart a chur ar neamhní.
I cannot deny (but) that you are right, ní fhéadaim a shéanadh ná go, nach, bhfuil an ceart agat.
We are denied our right, tá ár gceart á choinneáil uainn.
A: To derogate from a right, baint ó cheart.
Derogation from a right, baint f ó cheart (duine).
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht