Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: hold · shoulder · shroud · sold · soul
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh should »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
should. See SHALL.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
You should look ahead, ba chóir duit féachaint romhat.
I am very anxious that he should come, tá mé ag súil go crua lena theacht.
If any of them should come, má thagann aon duine acu.
If anything should happen to him, dá dtarlódh aon cheo dhó, dá dtigeadh a dhath air.
One should not judge by appearances, ní hionann i gcónaí an cófra is a lucht.
His argument is that gold should be done away with, is é an cás atá aige gur ceart deireadh a chur le hór.
Should the occasion arise . . ., sa chás sin ...
It is better that it should be so; better so, mar sin is fearr é; is amhlaidh is fearr é.
Should the case occur, dá dtarlaíodh a leithéid.
I cannot conceive why you should allow it, ní fhéadaim a thuiscint cén fáth a gceadaíonn tú é.
Should a contingency arise, in case of a contingency, dá dtarlaíodh rud gan choinne. (b)
You should define your attitude, ba chóir duit do dhearcadh a chur in iúl go cinnte.
If it should come to the ears of the priest, dá dtagadh sé in éisteacht an tsagairt; dá gcloisfeadh an sagart an scéal.
It is essential that a doctor should be called, ní foláir fios a chur ar dhochtúir.
It is fated that I should remain here, tá sé i ndán dom, de chrann orm, fanacht anseo.
For fear we should forget, ar eagla go ndéanfaimis dearmad.
I was fearful of wakening him, lest I should waken him, bhí eagla orm go ndúiseoinn é.
For all that you should have let me know, ar a shon sin agus eile bhí sé ceart agat é a insint dom.
But for her I should have died, murach í, bhíos caillte.
Prov: People who live in glass houses should not throw stones, (i) achasán na hóinsí don amaid; (ii) cibé atá saor caitheadh sé cloch.
This communiqué should never have gone out, níor chóir an scéal seo a scaoileadh amach in aon chor.
If anyone should lay a hand on you, má leagann aon duine méar ort.
You should put yourself in his hands, ba chóir duit tú féin a chur faoina chúram sin.
I should hate to be late, níor cheadaithe liom ar ór a bheith mall.
You should start having a house built here, ba chóir duit teach a chur á dhéanamh anseo.
We should take an example nearer home, ba chóir dúinn sampla a bhainfeadh lenar saol féin a thoghadh.
If ever you should feel so inclined, má bhuaileann an fonn sin riamh thú.
You should be the last to say it, tusa is lú is cóir é a rá.
I feared lest he should fall, bhí eagla orm go dtitfeadh sé.
I should like time to consider it, ba mhaith liom faill smaointe a fháil.
I should like it of all things, níorbh fhearr liom aon rud ná é.
I should like to be able to help you, ba mhaith liom a bheith in ann cabhrú leat.
If he were as I should like, dá mbeadh sé mar ba mhian liom é a bheith.
Will you come with me? I should love to, an dtiocfá liom? thiocfainn agus fáilte, ba bhreá liom é.
You should make him do it, ba chóir duit iallach a chur air a dhéanamh.
If this should meet the eye of the priest, má leagann an sagart a shúil air seo.
All the more reason why you should meet him, sin mar is cora duit dul chun cainte leis.
Given equal numbers we should win, ach sinn a bheith ar chomhlíon ba cheart an bua a bheith againn.
Should the occasion arise, má bhíonn sé i gceist
Should the case occur, más amhlaidh a tharlóidh.
He gave orders that it should be done, d'ordaigh. sé a dhéanamh.
I should put her down as thirty, thabharfainn deich mbliana fichead di.
I should put little reliance in him, ní bheinn ag brath air; ní hiontaoibh liom é.
If hostilities should be resumed, má thosaítear ar an troid arís.
Though I say it who should not, ní de chionn mé féin á rá é; cé nach liomsa é a rá.
I should say she has intelligence, measaim, déarfainn, go bhfuil eagna chinn aici.
I should say not, is é mo bharúil nach bhfuil (raibh, etc.).
Everybody should go to the poll, ba chóir do gach duine vótáil.
All is as it should be, tá gach rud mar is cóir.
Which is as it should be, rud is cóir.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht