TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
mile , s . Míle m . Statute mile, English mile , míle m gallda . Irish mile , míle gaelach . Nautical mile, sea mile ; míle farraige . Square mile , míle cearnach Nau : Measured mile , míle tomhaiste . F : Not a hundred miles away , (duine) nach bhfuil i bhfad uainn . I am miles from believing it , is fada uain a chreidiúint . Nobody comes within miles of him , níl goir ná gaobhar ag aon duine air .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The river is a mile across , tá an abhainn míle ar leithead .
For miles and miles , ar feadh na mílte agus na mílte .
They are a mile apart , tá siad míle ó chéile .
Towns a hundred miles apart , bailte a bhfuil céad míle eatarthu .
We are five miles away from the station , táimid cúig mhíle ón stáisiún .
(Measure, etc.) It is two miles from here to Galway , tá sé dhá mhíle as seo go Gaillimh .
Three miles distant , trí mhíle ó bhaile .
To do three miles on foot , dul trí mhíle de shiúl cos .
(Of motor car, etc.) It eats up the miles , slogann sé an bóthar ; téann sé ar nós na gaoithe .
The road is lined with trees for two miles , tá crainn ar gach taobh den bhóthar ar feadh dhá mhíle slí .
There is no house for a mile around , níl teach i ngiorracht míle dhúinn .
Two miles from here , dhá mhíle as seo .
It is a full five miles from here , tá sé cúig mhíle go maith as seo .
It is full five miles from here , tá sé cúig mhíle go maith as seo .
To go twenty miles an hour , dul fiche míle san uair .
Four hundred miles in two hours, that’s very good going , ceithre chéad míle in dhá uair a chloig, is breá an siúl é .
It is two good miles away , tá sé dhá mhíle as seo go sásta .
Five miles an hour , cúig mhíle san uair .
Ten miles intervened between the two towns , bhí deich míle idir an dá bhaile .
Within a three mile limit , taobh istigh de na trí mhíle .
Two long miles , dhá mhíle fhada .
To make twenty nautical miles , dul de réir fiche míle farraige san uair .
A miss is as good as a mile , ní fearr Éire ná orlach .
Nautical mile , míle farraige .
He makes nothing of walking twenty miles , ní dada aige, ní haon chéim leis, fiche míle a shiúl .
Within a mile of , i bhfoisceacht míle de .
A mile off , míle ar shiúl ; míle as seo (sin) .
A mile or so , míle nó faoin tuairim sin .
Twenty miles per hour , fiche míle san uair .
Within a radius of three miles , faoi thrí mhíle timpeall .
These guns range over six miles , tá raon sé mhíle ag na gunnaí seo .
Going at the rate of twenty miles per hour , ag gabháil fiche míle san uair .
For a mile round , feadh míle ar gach taobh .
To run a mile , rith ar feadh mile .
Train running at fifty miles an hour , traein ag dul caoga míle san uair .
River that runs for 200 miles , abhainn atá dhá chéad míle ar fad .
Three times round the track, say two miles , trí huaire thart an cúrsa, dhá mhíle, abair .
He can stay three miles , tá rith trí mhíle ann .
Twenty-five miles to the gallon , cúig mhíle fhichead in aghaidh an ghalúin .
A hundred miles there and back , céad míle ann agus as .
One house to the square mile , teach in aghaidh gach míle chearnaigh .
Train travelling at sixty miles an hour , traein agus siúl seasca míle san uair fúithi .
Aut : We travelled two hundred miles in one day , rinne muid dhá chéad míle in aon lá amháin .
To trot five miles , cúig mhíle a dhéanamh de shodar .
Within two miles of the town , i ngaireacht, i bhfoisceacht, faoi, dhá mhíle don bhaile .
Within a radius of ten miles , faoi dheich míle thart timpeall .