ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To keep s.o. alive, an t-anam a choinneáil i nduine.
Bestir yourself, cuir anam ionat féin; corraigh tú féin.
You may talk till you are blue in the face, till all's blue, bheifeá ag caint go dtitfeadh an t-anam asat.
He, it, conked out, d'imigh an t-anam as.
He did it at the cost of his life, dhíol sé lena anam as.
We were nearly crushed to death, is beag nár fáscadh an t-anam asainn.
Cutthroat competition, coimhlint f anama.
He ran for dear life, rith sé lena anam.
He sold his life dear, reic sé a anam go daor.
Desperate conflict, coimhlint f go himirt anama.
I was in desperation, bhíos i dtánaiste an anama.
He died a martyr to the cause, thug sé a anam ar son na cúise.
I nearly died with the fright, is beag nár thit an t-anam asam leis an scanradh.
He is, stands, in dread of her, tá eagla a chroí, a anama, air roimpi.
He narrowly escaped death, thug sé an t-anam leis ar éigean.
Deadly fear, eagla anama.
F: To put the fear of God into s.o., scanradh a anama a chur ar dhuine.
Fight to the death, comhrac go himirt anama.
F: He will have a fit when he knows, titfidh an t-anam as, tiocfaidh an lí buí air, ach go mbeidh a fhios aige é.
He flew for his life, theith sé lena anam.
He forfeited his life, chaill sé an t-anam.
F: To galvanize sth. into life, anam a chur i rud.
F: To ginger s.o. up, anam, beocht, fuinneamh, a chur i nduine.
He had his heart in his boots, (i) bhí eagla a anama air; (ii) bhí lagmhisneach air.
He has his heart in his work, tá a chroí is a anam san obair aige.
I nearly jumped out of my skin, is beag nár thit an t-anam asam.
I nearly died with laughter, dóbair nár thit an t-anam asam leis an ngáire.
He laid down his life, thug sé a anam(for, ar son).
It came to life, tháinig anam ann.
Life-and-death struggle, gleic f (go himirt) anama.
He begged for his life, d'iarr sé a anam, coimrí a anama.
He was carrying his life in his hands, bhí a anam i gcúl a dhoirn aige.
He escaped with his life, thug sé a anam ar éigean leis.
He ran for his life, for dear life, rith sé lena anam, i dtánaiste an anama.
To give life to sth., anam, spionnadh, a chur i rud.
F: I feel as limp as a rag, níl anam ná brí ionam; táim sleabhctha.
Th: She lived the part, chuir sí a hanam sa pháirt.
Mortal combat, comhrac go himirt anama.
The moving spirit, croí agus anam (na gluaiseachta).
He has a passion for music, tá dúil a anama sa cheol aige.
God rest his soul in peace! go dtuga Dia suaimhneas síoraí dá anam
Let him rest in peace, suaimhneas síoraí dá anam.
God rest his soul!, go dtuga Dia suaimhneas dá anam.
There was a rush for safety, theith gach aon duine lena anam.
He sought safety in flight, rith sé lena anam.
For his soul's sake, do leas a anama.
F: You did give me a scare, bhain tú an t-anam asam, scanraís i mo bheatha mé.
He was scared to death, bhí an t-anam scanraithe as.
Slow game, cluiche gan fuinneamh, gan anam.