TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Leagan amach simplí
never , adv . a (Present) I never go there , ní théim ann ar chor ar bith, in aon chor . (Future) I will never go there again , ní rachad ann go brách arís, go deo arís, choíche arís . (Past) I never went there , ní dheachas riamh ann . The like had never before been seen , ní fhacthas a leithéid riamh roimhe . I have never yet seen ..., ní fhacas riamh go fóill. . ., fós . . . Never, never, shall I forget it , ní dhéanfad dearmad de go deo, go brách na breithe, go deo na ndeor . Never in (all) my life , riamh uile ; riamh le mo ré, le mo bheo . Better late than never , is fearr go deireanach ná go brách . Tomorrow come never , (go) lá Sheon Dic ; lá Philib an chleite . b (Emphatic negative) I never expected him to come , ní raibh mé ag súil ar chor ar bith, ní raibh aon súil riamh agam, go dtiocfadh sé . He never said a word about it , ní dúirt sé oiread is focal mar gheall air . Never a one , duine ar bith ; diabhal duine . F : You (surely) never left him all alone , ní féidir gur fhág tú ansin leis féin é . Well I never! cumhdach an Athar Shíoraí orainn! thar a bhfaca tú riamh! c Lit : Be he never so brave , dá chalmacht é .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He will never achieve anything , ní thiocfaidh sé choíche in éifeacht .
I never spoke to him after , níor labhair mé riamh leis ó shin .
Never again , go brách arís .
He will never amount to much , ní thiocfaidh sé in éifeacht choíche .
He was never to see them again , ní raibh sé i ndán dó a bhfeiceáil arís .
I had never seen him before , ní fhaca mé riamh go dtí sin é .
He never comes out of his burrow , ní thagann sé ar amharc aon duine .
(Subordinating) I never pass there but I think of you , ní théim an bealach am ar bith gan smaoineamh ort .
Never a year passes but he writes to us , níl bliain ar bith nach scríobhann sé chugainn .
I never could understand music , chinn sé orm, ní raibh sé i mo cheann finne, ceol a thuiscint riamh .
She never ceases talking , ní bhíonn stopadh ar bith uirthi ach ag caint .
He will never come to much , ní dhéanfaidh sé aon mhaith go brách .
I’d never connect them with that sort of work , ní shamhlóinn a leithéid sin d'obair leo go brách .
Never darken my door again! ná dall mo dhoras go brách arís!
He was destined never to see her again , ní raibh sé i ndán dó í a fheiceáil go brách arís .
Never say die! beidh lá eile ag an bPaorach!
Never did I spend such a night , riamh sa saol níor chaitheas a leithéid d'oíche .
We shall never hear the end of the matter , ní bheidh deireadh go brách leis an scéal seo .
I would never expect it of him , ní shamhlóinn choíche leis é .
I can never look him in the face again , ní ligfidh an náire dom féachaint idir an dá shúil air go deo arís .
F : Never (you) fear! don't you fear! , beag an baol! ná bíodh eagla ort!
Never to be forgotten , dodhearmadta .
I have never been forgotten for that , níor maitheadh é sin riamh dom .
She'll never see forty again , tá an daichead fágtha ina diaidh aici .
This bill will never get through , ní dhéanfar dlí choíche den bhille seo .
(You must) never look a gift-horse in the mouth , ná lochtaigh an rud a gheobhas tú in aisce .
When he gets going he never stops , nuair a thosaíonn sé ní féidir é a stad .
I never go out , ní chorraím amach in aon chor
This communiqué should never have gone out , níor chóir an scéal seo a scaoileadh amach in aon chor .
He will never do any more good , ní dhéanfaidh sé lá maitheasa arís lena shaol .
He never did a hand's turn , níor rinne sé buille oibre riamh .
It never entered my head that . . ., níor smaoinigh mé lá bán ná oíche go . . .
They were never heard of again , ní bhfuarthas lá tuairisce orthu riamh ní ba mhó .
I never heard of such a thing! ar chuala aon duine riamh a leithéid!
I never felt at home with him , ní raibh mé riamh ar mo shuaimhneas ina láthair .
Prov .It's a good horse that never stumbles , níl coill ar bith gan brosna a loiscthe ; ní bhíonn saoi gan locht .
Never in my life , riamh i mo shaol .
I have never knowingly injured him , níor rinne mé dochar ariamh dó d'aonturas .
We shall never hear the last of it , ní chloisfimid a dheireadh choíche .
Better late than never , is fearr go mall ná go brách ; is fearr déanaí ná ródhéanaí .
It is never too late to learn ; live and learn , faigheann seancheann féin ciall .
The snow never lies in that place , ní fhanann aon sneachta ar an talamh san áit sin .
Never in (all) my life , riamh i mo shaol ; le mo bheo ; le mo ré .
I never saw anything like it , ní fhaca mé riamh a leithéid .
We shall never look upon his like again , ní fheicfimid a mhacasamhail go brách arís ; ní bheidh a leithéid arís ann .
I never heard the like (of it) , níor chuala mé riamh a leithéid .
He never opened his lips , níor oscail sé a bhéal olc ná maith .
Listeners never hear good of themselves , níor chuala cluas le héisteacht aon mhaith riamh .
A better man never lived , fear ab fhearr ná é níor sheas riamh i mbróg .
He'll never live it down , beidh sé á chasadh leis go brách .