ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I hope it will meet with your approval, tá súil agam go mbeidh tú sásta leis.
The weather bids fair to be fine, tá gach cosúlacht air go mbeidh aimsir mhaith ann; tá aimsir mhaith air.
Don't count your chickens before they are hatched, ní breac é go mbeidh sé ar an bport; ná maraigh an fia go bhfeicfidh tú é.
If it comes to that . . ., más sin é an chaoi a mbeidh sé . . .; má théann sé sa dóigh sin de ...
Are you doing anything to-morrow, an mbeidh aon rud ar siúl agat amárach?
It is an endless task, gnó é nach mbeidh deireadh go deo leis.
The cost of it is estimated at five hundred pounds, meastar go mbeidh cúig chéad punt de chostas air.
Will it ever be ready? an mbeidh sé ullamh choíche, go deo?
Wait till I finish doing this, fan go mbeidh deireadh agam leis seo.
F: He will have a fit when he knows, titfidh an t-anam as, tiocfaidh an lí buí air, ach go mbeidh a fhios aige é.
Until fuller information is available . . ., go dtí go mbeidh breis eolais le fáil . . .
I shall have everything ready, tabharfaidh mé do m'aire go mbeidh gach uile rud ullamh agam.
If it is fine, and (if) I am free, I shall go there, má bhíonn sé go breá, agus mé (bheith) saor, agus go mbeidh mé saor, rachaidh mé ann.
If he is not here to-morrow . . ., mura mbídh, mbeidh, sé anseo amárach . . .
If its there, take it, if not . . ., má bhíonn sé ann tabhair leat é, mura mbeidh...
Until we are better informed, go mbeidh a thuilleadh eolais againn.
Will you join us? an mbeidh tú linn?
Difficulties are liable to occur, tá dealramh air go mbeidh deacrachtaí ann.
Will you be there to-morrow? Not on your life! an mbeidh tú ansin amárach? Ní bheidh ná baol orm! baol mór orm!
A day to look back to! lá a mbeidh cuimhne air!
Will you make one of the party? an mbeidh tú linn?
Can you come at six? Make it half-past, an mbeidh tú in ann teacht ag a sé? abair leathuair tar éis a sé.
F: Mind and don't be late, féach chuige nach mbeidh tú mall.
If fine we shall go out, if not, not, má bhíonn an aimsir go breá rachaimid amach, mura mbeidh, ní rachaidh.
Have you anything on this evening? an mbeidh rud ar bith ar bun anocht agat?
There ought to be some fun at to-morrow's meeting, seans go mbeidh spórt ag an gcruinniú amárach.
The prospects of the harvest are good, tá cosúlacht air go mbeidh barr maith ann.
To rub sth. dry, rud a chuimilt go mbeidh sé tirim.
The lease has only a year to run, níl ach bliain eile go mbeidh an léas caite.
See to it that everything is in order, tabhair do d'aire go mbeidh gach rud mar is ceart.
See that he has all he needs, féach chuige go mbeidh gach a bhfuil uaidh aige.
Before winter sets in, sula mbeidh sé ina gheimhreadh.
Will you be, go there? - I shall, an mbeidh tú ann? - Bead; an rachair ann? - Rachad.
If it so happens that you are there, má tá i ndán go mbeidh tú ann.
It will soon be three years since . . ., is gairid go mbeidh sé trí bliana ó ...
How soon will you be ready, cá fhad go mbeidh tú réidh?
If I don't stand over him he does nothing, mura mbeidh mé ina dhiaidh ní dhéanfaidh sé a dhath.
I expect things will straighten out, tá mé ag súil go mbeidh gach rud i gceart, go dtiocfaidh réiteach ar an scéal.
It is sure to be fine, is cinnte go mbeidh sé go breá.
There is some talk of his returning, tá an t-iomrá amuigh go mbeidh sé ag teacht ar ais; tá sé á rá go bhfillfidh sé.
Will this meet your views? an mbeidh sé seo chun do shásaimh?
Stuff that will stand hard wear, éadach a mbeidh teacht aniar, caitheamh maith, ann.
Within the week, sula mbeidh an tseachtain caite.
I'll go down when I am ready, rachaidh mé síos ach go mbeidh mé réidh.
Will he be there? He will, an mbeidh sé ann? Beidh.